Maryfield College

Gaeilge 24 Report

Ar an 12 Samhain 2019, ghlac daltaí agus múinteoirí ó Choláiste Pháirc Mhuire páirt i nGaeilge 24. Is dúshlán é Gaeilge 24 chun daltaí scoile a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair an chloig; sa bhaile, ar scoil agus gach aon áit eile. Tá an dúshlán á eagrú ag Conradh na Gaeilge agus ghlac 30,000 dalta ó 300 scoil páirt i mbliana.

Deis iontach ba ea í do na daltaí a gcuid Gaeilge a feabhsú agus a chur chun cinn sa scoil. B’iontach an rud é an Ghaeilge a chloisteáil timpeall na scoile.

Bhí lá den scoth againn i gColáiste Pháirc Mhuire agus bhain gach duine taitneamh agus sult as an lá.

Thosaíomar le Bricfeasta Gaelach ar maidin agus bhí Pop-up Gaeltacht againn ag am lóin. Labhair na daltaí as Gaeilge don lá ar fad. Comhghairdeas leo go léir.

Beatha teanga í a labhairt !

Translation

On the 12th November 2019, students and teachers from Maryfield College took part in Gaeilge 24. Gaeilge 24 is a challenge which encourages pupils to speak only in Irish exclusively for 24 hours; at home, in school and everywhere else. The challenge is organised by Conradh na Gaeilge and this year 30000 students from 300 schools took part.

It  was a wonderful opportunity for the students to improve their Irish and to promote it in the school. It was wonderful to hear the Irish language being spoken around the school.

We had an excellent day in Maryfield College and everyone enjoyed the day.

We started with Breakfast in the morning and we had a Pop-up Gaeltacht at lunch time. The students spoke in Irish for the whole day. Congratulations to everyone.