Maryfield College

Gaeilge

Céilí with Ard Scoil Rís

Maryfield were delighted to host a céilí with our neighbours Ard Scoil Rís last Thursday 19th of March. Great fun was had, go raibh míle maith agaibh go léir for organising and keeping up this lovely tradition. ☘️🎶

TAE & PLÉ – Pictiúirí

Nollaig 2025

Mhaisigh na scoláirí an doras ag seomra 4 don Nollaig. ‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin’ an téama a bhí acu.

Christmas Door

Ghlac a lán scoláirí páirt i mBiongó na Nollag sa leabharlann ar an 11 Nollaig.

bingo 2
Bingo

Ghnóthaigh Coláiste Pháirc Mhuire Gaelbhratach don obair a rinne na scoláirí ar son na Gaeilge i rith na bliana. Bhí ceiliúradh iontach i halla na scoile chun an ócáid seo a aithint. Maith sibh a scoláirí!

Gaelbhratach

An Ghaelbhratach á ardú taobh amuigh den scoil.

Gaelbhratach

Céilí, biongó agus doras na scoile maisithe do Lá Fhéile Pádraig

Bhí céilí ag an Dara Bliain sa halla ar maidin. Bhí an-chraic go deo acu!

Gaeilge- Céilí, biongó agus doras na scoile maisithe do Lá Fhéile Pádraig

Bhí biongó trí Ghaeilge againn ag am lóin Déardaoin.

Gaeilge- Céilí, biongó agus doras na scoile maisithe do Lá Fhéile Pádraig

Fuaireamar cuireadh chuig céilí in Ardscoil Rís an Chéadaoin seo caite. Sheinn an grúpa traidisiúnta ó Coláiste Pháirc Mhuire agus rinne beirt bhuachaillí ó Ardscoil Rís píosa ceoil freisin. Bhí spórt agus spraoi againn go léir ag damhsa agus ag caint is ag comhrá.

Gaeilge- Céilí, biongó agus doras na scoile maisithe do Lá Fhéile Pádraig

Tá doras na scoile maisithe do Lá Fhéile Pádraig.

Gaeilge- Céilí, biongó agus doras na scoile maisithe do Lá Fhéile Pádraig
Gaeilge- Céilí, biongó agus doras na scoile maisithe do Lá Fhéile Pádraig

Ms Flood’s 1st Years Performing An Dreolin

Seachtain na Gaeilge

Ghlac ár scoláirí páirt i bhFéile na bhFéidearthachtaí i Halla na Cathrach ar an 4 Márta. Roinn siad a gcuid smaointe le scoláirí ó scoileanna eile agus phléigh siad na féidearthachtaí atá ann don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath sa todhchaí.

Féile na bhFéidearthachtaí

Cuireadh Óga Ióga ar siúl ag am lóin Dé Luain seo caite. Bhaineamar go léir an-sult as!

Óga Ióga

Nollaig 2024

Roghnaíodh Coláiste Pháirc Mhuire chun páirt a ghlacadh sa ‘Ghaelbhratach’ i mbliana. Tá an scéim seo eagraithe ag Gael Linn chun deis a thabhairt do scoláirí an Ghaeilge a úsáid i suíomh nádúrtha, taobh amuigh den seomra ranga. Caithfimid imeachtaí éagsula a dhéanamh agus ag deireadh na bliana táimid ag súil le brat a fháil don Ghaeilge don scoil. Go dtí seo bhí comórtas ealaíne, bricfeasta trí Ghaeilge, céilí mór agus biongó againn. Roghnaíomar an mana ‘Dílis don Teanga, Dílis don Ghaeilge’ chun ár n-aisling don Ghaeilge a chur in iúl. Tá Balla Gaeilge álainn againn agus cuirimid foclóir nua air gach séasúr. Bígí ag faire amach do na himeachtaí a bheidh againn tar éis na Nollag!

Cleachtadh A Dhéanann Máistreacht

Daltaí na 6ú bliana inniu ag an gCiorcal Cainte, ag cur snasa ar a gcuid Gaeilge. Guímid gach rath oraibh sna Scrúduithe Cainte – Ádh Mór oraibh agus Beirigí Bua.

Cleachtadh A Dhéanann Máistreacht