Roghnaíodh Coláiste Pháirc Mhuire chun páirt a ghlacadh sa ‘Ghaelbhratach’ i mbliana. Tá an scéim seo eagraithe ag Gael Linn chun deis a thabhairt do scoláirí an Ghaeilge a úsáid i suíomh nádúrtha, taobh amuigh den seomra ranga. Caithfimid imeachtaí éagsúla a dhéanamh agus ag deireadh na bliana táimid ag súil le brat a fháil don Ghaeilge don scoil. Go dtí seo bhí comórtas ealaíne, bricfeasta trí Ghaeilge, céilí mór agus biongó againn. Roghnaíomar an mana ‘Dílis don Teanga, Dílis don Ghaeilge’ chun ár naisling don Ghaeilge a chur in iúl. Tá Balla Gaeilge álainn againn agus cuirimid foclóir nua air gach séasúr. Bígí ag faire amach do na himeachtaí a bheidh againn tar éis na Nollag!