Mhaisigh na scoláirí an doras ag seomra 4 don Nollaig. ‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin’ an téama a bhí acu.

Ghlac a lán scoláirí páirt i mBiongó na Nollag sa leabharlann ar an 11 Nollaig.
Ghnóthaigh Coláiste Pháirc Mhuire Gaelbhratach don obair a rinne na scoláirí ar son na Gaeilge i rith na bliana. Bhí ceiliúradh iontach i halla na scoile chun an ócáid seo a aithint. Maith sibh a scoláirí!

An Ghaelbhratach á ardú taobh amuigh den scoil.

