Bhí céilí ag an Dara Bliain sa halla ar maidin. Bhí an-chraic go deo acu!
Bhí biongó trí Ghaeilge againn ag am lóin Déardaoin.
Fuaireamar cuireadh chuig céilí in Ardscoil Rís an Chéadaoin seo caite. Sheinn an grúpa traidisiúnta ó Coláiste Pháirc Mhuire agus rinne beirt bhuachaillí ó Ardscoil Rís píosa ceoil freisin. Bhí spórt agus spraoi againn go léir ag damhsa agus ag caint is ag comhrá.
Tá doras na scoile maisithe do Lá Fhéile Pádraig.