Maryfield College

Ghaeilge i gColáiste Pháirc Mhuire

An samhradh buailte linn agus bliain iontach eile don Ghaeilge i gColáiste Pháirc Mhuire

Ghlac daltaí (thart ar 140 dalta )agus múinteoirí ó Choláiste Pháirc Mhuire páirt i nGaeilge 24 arís i mbliana ar an 15ú Samhain 2022 . Is dúshlán é Gaeilge 24 chun daltaí scoile a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair an chloig. Tá an dúshlán á eagrú ag Conradh na Gaeilge agus deis iontach ba ea í do na daltaí a gcuid Gaeilge a feabhsú agus a chur chun cinn sa scoil. Bhí bricfeasta Gaelach againn ar maidin chun fuinneamh a thabhairt dúinn don lá fada lán le Gaeilge agus don dúshlán a bhí romhainn. Bhí an ceaintín dubh le daoine agus an Ghaeilge á labhairt ag gach duine le chéile. Ghlacamar páirt i dTráth na gCeist Beo ar Zoom. Bhí na mílte ar fud na tíre ag glacadh páirte chomh maith. Bhí céilí mór ar siúl san iarnóin agus bhain chuile dhuine spórt agus spraoi as! B’iontach an rud é teanga álainn na Gaeilge a chloisteáil ar fud na scoile ar feadh an lae.  Bronnadh teastas orthu siúd a ghlac páirt san fheachtas tábhachtach seo. Comhghairdeas leo go léir. Mar a deir an seanfhocal “Beatha teanga í a labhairt”.

1 An samhradh buailte linn agus bliain iontach eile don Ghaeilge i gColáiste Pháirc Mhuire[47]