Maryfield College

Seachtain na Gaeilge

Bhí go leor imeachtaí spraoiúla againn i mbliana do Sheachtain na Gaeilge. Bhí an tseachtain le tosú le cinemobile nó pictiúrlann shoghluaiste ag teacht chun na scoile ach faraor bhí sé rómhór chun teacht isteach an geata! Mar sin, chaith scoláirí na Dara Bliana uair a’ chloig ag féachaint ar scannán sa halla. Bhí an poc fada againn sa pháirc os comhar na scoile ag am lóin agus gach lá cuireadh an comórtas Laoch an Lae ar siúl. Bhí tóraíocht taisce do scoláirí na Chéad Bhliana chomh maith le Tráth na gCeist do scoláirí na Cúigiú Bliana. Bhain gach duine an-sult as yoga a dhéanamh trí Ghaeilge freisin ag ceardlann a cuireadh ar siúl ag Óga Yoga sa halla spóirt. Rinneamar go léir ár ndícheall an ‘cúpla focal’ a úsaid i rith na seachtaine agus níos mó má bhíomar ábalta. ‘Beatha teanga í a labhairt!’